Reply To: The Irish Topic

Forum The Irish Topic The Irish Topic Reply To: The Irish Topic

#11441

Ó, is a Johnny Seoighe, tuig mo ghlórtha,
’S mé ag tíocht le dóchas faoi do dhéin,
Mar is tú an réalt eolais is breátha lóchrann
Os mo chomhair ag teampall Dé,
Is tú bláth na hóige is deise glórtha
Dár leag mo shúil air ó rugadh mé,
Ó, agus as ucht Chríost tabhair dhom rilíf
Nó go gcaitear Oíche Nollag féin.

Is lá arna mhárach sea fuair mé an páipéar,
Is nach mé a bhí sásta is mé ag goil ’un siúil,
Ach ní bhfuair mé freagra ar bith an lá sin,
Ach mo bhean ’s mo pháistí bheith amuigh faoin drúcht,
Tá mé bruite, dóite, sciúrtha, feannta,
Liobraithe, gearrtha le neart an tsiúil,
’Gus, a Mhister Joyce, tá an workhouse lán,
Is ní ghlacfar ann aon fhear níos mó.

Is nach mór an chliú do bhaile Charna,
An fhad ’s tá an lánúin seo ag goil thríd,
Mar is deise is is breátha scéimh na mná
Ná an morning star nuair a shoilsíonn sí,
Tá an bhanríon tinn is í lag ’na luí
Is deir dochtúirí go bhfaighidh sí bás,
Sé fios an údair de réir mar a deir siad liomsa,
Nuair nach bhfuil sí pósta le Mister Joyce.