Reply To: The Irish Topic

Forum AN ÁBHAR NA HÉIREANN The Irish Topic The Irish Topic Reply To: The Irish Topic

#11183

Shiúl muid síos an bóthar seo.
Bhíomar lámh le lámh.
Cá bhfuil an grá a bhí againn?
Bhris tú mo chroí. Cén fáth?

D’fhan mé dílis duit de shíor
Ag fanacht leat i bpian.
Má chaillim thú, tá sé fíor
Níl mé ag iarradh ‘ bheith liom féin.

Curfá:
Tá mé i ngrá leat
Cé go bhfuil do smaointe i gcéin.
Is nuair atá mé in éindí leat
Tá a fhios agam nach bhfuil mé liom féin.

Ní raibh tú thart, ní raibh tú anseo.
Anois tá ‘fhios agam cén fáth.
Níl do chroí anseo níos mó.
Shiúl tú i bhfad ó mo ghrá.

Curfá

Níl mé gan do ghrá anois
Mar níl tú liom níos mó.
Tá mé cráite lenár mbris.
Cheap mé go mbeinn leat go deo.